Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
IS LÉIR GUR bóthar fada atá roimh Chonradh na Gaeilge maidir leis an tionchar ‘claochlaitheach’ a fhéadfadh bheith ag aontú na hÉireann ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht, más aon treoir an slua beag a raibh i láthair ag ócáid eolais i gcathair Chorcaí oíche Dé Luain.
Bhí tuairim is scór duine i láthair ag an imeacht i Seomra na Comhairle i Halla na Cathrach don imeacht a raibh eagraithe ag Liú na Laoi, craobh áitiúil den eagras abhcóideachta teanga.
Seans nach bhféadfaí locht a chur ar mhuintir na cathrach as gan a bheith i láthair ós rud é go raibh Sráid an Chapaill Buí – nach fada ó Halla na Cathrach – dubh le lucht tacaíochta fhoireann chamógaí an chontae don fháiltiú oifigiúil abhaile cois Laoi tar éis a mbua i gcluiche ceannais na hÉireann ag an am chéanna.
Ach is léiriú é ar an streachailt atá roimh Chonradh na Gaeilge agus eagrais eile chun daoine a chur ar an eolas maidir leis na hargóintí ar fad a bhaineann leis an gceist seo.
Chuir an Conradh an ród-seó ar bun chun daoine ar fud na tíre a chur ar an eolas tar éis gur vótáil tromlach na dtoscairí cuspóir an eagrais a leasú le go ngníomhódh na baill “i dtreo Éire aontaithe ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta”.
Léiríodh imní ag an Ard-Fheis ag a raibh an vóta cinniúnach sin go bhfágfaí gluaiseacht na Gaeilge ar an taobhlíne i bplé idir pháirtithe polaitiúla is geallsealbhóirí eile thuaidh is theas faoi aontú dhá dhlínse an oileáin faoi aon bhrat amháin.
Sin a bhí faoi chaibidil ag Róisín Nic Liam, taighdeoir dochtúireachta in Ollscoil na Ríona, a rinne cur i láthair ar a saothar ‘Éire Aontaithe – Deis chlaochlaitheach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht’, ina caint agus í ag tagairt don imní go mbeadh an teanga ina cipín idirbheartaíochta agus cainteoirí Gaeilge fágtha gan ghuth ar an taobhlíne.
Tá go leor samplaí ina tuarascáil ag tabhairt an méid sin le fios ach, ina caint, rinne sí tagairt don méid a dúirt an iar-Thaoiseach, Leo Varadkar, nuair a mhaígh sé gur cheart, b’fhéidir, níos lú béime a bheith ar an nGaeilge agus nuair a cheistigh sé, mar shampla, an mbeadh sé oiriúnach teidil ar nós ‘Taoiseach’ agus ‘Tánaiste’ a úsáid in Éirinn Aontaithe.
Dar le Nic Liam, ba léiriú é seo i measc go leor samplaí eile de mheon ina raibh ceannairí polaitiúla agus tráchtairí ag caitheamh leis an nGaeilge mar chipín idirbheartaíochta.
“Tagann sé sin aníos go leanúnach sna díospóireachtaí seo ar fad ag cuid de na polaiteoirí is sine sa rialtas ó dheas – an Ghaeilge a chur in iúl mar a bheadh ábhar díospóireachta sna cainteanna seo ar fad, á cur in iúl mar shamhail náisiúnach seachas mar cheist cheartais agus mar theanga phobail,” dúirt sí.
“Níor cheart baint de chearta mionlaigh amháin le freastal ar chearta mionlaigh eile in Éirinn aontaithe más ea, ach sochaí cheartbhunaithe trí chéile a bhunú a chaithfeadh go cothrom leis an uile duine trína cearta – cearta teanga san áireamh – a dhaingniú sa dlí.”
Thug cainteoir eile ón bpainéal, Eibhlín Ní Lionáird, Oifigeach Pleanála le Comharchumann Forbartha Mhúscraí, suntas don rath a bhí ar an bhFleadh Cheoil i mBéal Feirste agus go bhféadfadh sin bheith ina léiriú ar an tslí chun tosaigh agus iarracht á dhéanamh daoine a thabhairt le cás na Gaeilge agus cultúr na nGael sa todhchaí.
Thagair Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, cainteoir eile ar an bpainéal, don dochar, dar leis, a bhí déanta ag an gcríochdheighilt d’fhás na Gaeilge sna dlínsí éagsúla ó cuireadh críochdheighilt i bhfeidhm breis is 100 bliain ó shin.
“De réir an Daonáirimh i 1911 bhí 3% de phobal Chúige Laighean a dúirt go raibh Gaeilge acu; sna sé chontae ó thuaidh ag an am, dúirt 3% ansan freisin go raibh Gaeilge acu – breis is 100 bliain níos déanaí agus tá na ceisteanna sórt difriúil ach an 3% i gCúige Laighean, tá sé tar éis fás go 36%, daoine ag aithint go bhfuil Gaeilge éigean acu nó gur cainteoirí cumasacha iad,” dúirt De Spáinn.
“Ó thuaidh sna sé chontae, tá an líon daoine ag aithint go bhfuil Gaeilge éigean acu ag 12%.
“Léiríonn sé sin an difear a tharla de bharr na críochdheighilte a bhí sa tír seo thar an tréimhse sin ar fad.”
Tháinig ceisteanna ón urlár ansan, ceisteanna ar ghnéithe éagsúla agus cad é an tionchar a fhéadfadh bheith ag aontú na tíre – ní hamháin ar chás na Gaeilge ó thuaidh ach ar úsáid na teanga ó dheas freisin.
Cé go bhfuil eagrais ar nós Ireland’s Future ag díriú ar aontú na tíre le blianta beaga anuas, is é an ród-seó seo ag Conradh na Gaeilge an chéad sraith cruinnithe atá reachtaithe ar an ábhar le béim ar leith ar chúrsaí Gaeilge agus na Gaeltachta. Bhí cruinnithe roimhe seo i gceantair Gaeltachta ar nós Gaoth Dobhair agus Conamara agus tá breis ócáidí eolais á mbeartú – ina measc beidh plé ag imeacht i mBaile Mhúirne i nGaeltacht Mhúscraí ag deireadh Mheán Fómhair.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site