Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.
An account is an optional way to support the work we do. Find out more.
(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)
TÁ GÁ LE huaillmhian agus tuiscint ar na hargóintí éagsúla a bhíonn le plé ag ceannairí an Státchórais agus polaitíochta, tá sé tugtha le fios ag údar leabhair nua atá le foilsiú faoi thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta cothrom na seachtaine seo i 1926.
Bhí an Dochtúir John Walshe, Ollamh Comhlach le Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe agus údar leabhair a fhoilseofar níos déanaí san Fhómhar faoin dtuarascáil, Ar Lámh Shábhála – Coimisiún na Gaeltachta 1926, ag labhairt le The Journal agus é ag meabhrú faoi na ceachtanna atá le foghlaim ón méid a tharla do thuarascáil an Choimisiúin sin.
Bunaíodh Coimisiún na Gaeltachta i 1925 agus b’é an chéad choimisiún dá leithéid a bunaíodh i luathbhlianta an Stáit, léiriú ar an suim a bhí sa Ghaeilge ag na pearsaí a bhí lárnach i rialú na tíre ag an am. I go leor cásanna, b’é an paisean don teanga a mheall iad i dtreo ghluaiseacht na réabhlóide.
Bhí breis is ceithre scór moladh sa tuarascáil deiridh a foilsíodh i mí Lúnasa 1926 agus cuireadh i bhfeidhm, dar leis an Ollamh Walsh, tuairim is 40%.
Dúirt sé go raibh beirt as an aon choimisinéir déag – fir ar fad – a bhí ag tacú le moladh amháin tábhachtach a diúltaíodh dó nuair a cuireadh os comhair an Rialtais. B’iad an bheirt sin ná sagart ó Thír Chonaill, an tAthair Seán Ó Cuinneagán, agus ardrúnaí na Roinne Tailte agus Iascaigh, Laurence Moriarty.
“Bhí an bheirt sin ina gcoimisinéirí agus bhíodar san ag iarraidh go mbunófaí eagraíocht nó foras nó coimisiún buan mar gheall ar an nGaeltacht agus a dhéanfadh comhordú ar an bpolasaí ar fad agus a bheadh buiséad aige agus a bheadh cumhachtaí reachtúla aige.
“Agus diúltaíodh do san. An rud a tharla ar deireadh ná gur tugadh cúram na Gaeltachta don Roinn Tailte agus Iascaigh ach an fhadhb a bhain leis sin ná, dar ndóigh, ní raibh aon saineolas ag an Roinn ar chúrsaí Gaeltachta ná ó thaobh na teanga agus bhíodar imeallaithe sa Rialtas.
“Ghlac sé go dtí 1950 go dtí gur bunaíodh Roinn na Gaeltachta.”
Dúirt Walsh gurb é sin “ceann de na ceachtanna is mó a bhí le foghlaim ón dtuarascáil.”
Má theastaíonn uait polasaí teanga le dealramh a chur i bhfeidhm agus cumhachtaí a bheith laistiar de, caithfidh tú struchtúr ceart a bhunú agus dhéarfainn gurb shin an deis ba mhó a cailleadh i 1926.
Dúirt an t-údar gurb é freasúra ón Roinn Airgeadais, a raibh cainteoir Gaeilge ó Chontae Aontroma, Earnán de Blaghd, mar Aire ann, an toisc ba chinniúnaí leis an diúltú.
“Níor theastaigh uathu go gcuirfí isteach ar a n-údarás féin mar an Roinn is cumhachtaí sa Rialtas agus thuigeadar dá mbeadh dream le cumhacht agus le cnámh droma, más maith leat, ag obair sa réimse, go bhféadfadh sé fadhbanna a chruthú dóibhsean.”
Bunaíodh Roinn na Gaeltachta, atá anois ina cuid den Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltachta, i 1950 agus Gaeltarra Éireann, réamhchomharba Údarás na Gaeltachta, sna 1960í. Tháinig an tÚdarás i gcomharbacht ar sin i 1980. Anuas ar sin tá Foras na Gaeilge agus An Coimisinéir Teanga againn anois.
Moladh eile a bhí sa tuarascáil ná go mbeadh scéim ollmhór imirce ón nGaeltacht go dtí tailte maithe á lorg.
“Bhí an scéim a bhí in aigne an Choimisiúin chomh mór sin go nglacfadh sé suas an talamh ar fad a bhí ar fáil sa Stát ag an am, rud a d’fhágfadh nach bhféadfaí daoine eile a bhí i gceantair phlódaithe ach nach raibh sa Ghaeltacht a aistriú in aon áit.
“Ní raibh aon seans go nglacfadh an Rialtas leis sin mar bhí sé ró-uaillmhianach ach, mar is eol dúinn, ní bhfuair an scéim sin bás ar fad toisc gur bhunaigh Fianna Fáil Gaeltacht Rath Chairn deich mbliana níos déanaí ach ar scála i bhfad níos lú.”
B’é an ceacht ón eachtra sin go gcaithfeadh moltaí a bheith réadúil ó thaobh na polaitíochta.
D’éirigh le moltaí eile, ar nós an moladh go n-íocfaí deontas do chainteoirí dúchais tithe a thógáil sa Ghaeltacht agus mhair sin go dtí an ghéarchéim eacnamaíochta/baincéireachta timpeall 2009/10.
Dar le Walsh, bhí an Coimisiún an-idéalach. “Bhíodar ar maos i smaointeoireacht na hathbheochana agus an náisiúnachais chultúrtha agus é sin ar fad – agus bhain Risteard Ó Maolchatha, cathaoirleach an Choimisiúin, leis an nglúin a chreid go mór sna hidéil sin.
Bhí na hidéil go breá, bhí na smaointe go breá leo féin ach bhí an Rialtas ar an taobh eile an-choimeádach.
Bunaíodh scéim eile rathúil, scéim a chinntigh go bhfaigheadh daltaí i scoileanna Gaeltachta béilí.
“Dar ndóigh bhí bochtaineacht an-mhór ann agus chaith na daltaí b’fhéidir cúpla míle a shiúl chomh fada leis an scoil gach lá.
“Fén Acht a tugadh isteach i 1930, bhí béile te ar fáil dóibh gach lá ar fud na Gaeltachta.
“Chaith an tAire tamall sa Dáil ag cosaint na scéimeanna san mar bhí fadhbanna móra bochtaineachta i mBaile Átha Cliath.”
Dúirt an tOllamh gur léirigh an méid a cuireadh i bhfeidhm mar a oibríonn feachtais.
“Cuireann tú brú ar son an rud is láidre agus ansan faigheann tú rud níos laige ar deireadh ach, ar a laghad, go bhfuil dul chun cinn déanta.”
Dar leis gur leag tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta síos ‘saghas teimpléid’ do bheartais eile ina dhiaidh sin – leithéidí Coimisiún Athbheochan na Gaeilge sna 60í, Comhairle na Gaeilge sna 70í, an Staidéar Cuimsitheach i 2007 agus an Straitéis 20 Bliain atá i réim ó 2010.
“Tá patrún ann go nglactar le cuid de na moltaí agus go gcaitear cuid eile acu amach.”
Níl Walsh den tuairim gur cheart macasamhail Choimisiún na Gaeltachta a bhunú arís mar, dar leis, go raibh go leor eolais againn anois agus an tuiscint ar cá raibh na dúshláin agus na fadhbanna.
Bhí moladh amháin aige áfach maidir leis an treo chun tosaigh. “Tá córas againn atá lag agus easnamhach — sin an próiseas pleanála teanga — agus seachas tosú as an nua agus dul thar n-ais go náid, dhéarfainnse gur cheart an córas sin a láidriú, i bhfad níos mó infheistíochta ann.”
Dúirt sé gur theastaigh “cur i bhfeidhm níos éifeachtaí ar na struchtúir atá againn.”
“Táimid fós ag caint ar ‘juggernaut’ an Bhéarla, an teanga is cumhachtaí ar domhan, a tharlaíonn bheith in aice linn.
“Tugann sé sin an dúshlán is mó dúinn, b’fhéidir níos mó ná mar a thabharfadh aon teanga eile.”
Thagair sé don líon uaireanta a athraíonn oifigigh pleanála teanga agus go bhfágann siad a bpoist. “Níl aon chinnteacht fad-téarmach fostaíochta acu,” dúirt sé.
Níl forbairt ghairmiúil ar bith ann dóibh – abair, ní hé go bhfuil dréimire fostaíochta ann go bhféadfaidís fanacht agus cur isteach ar ardú céim go dtí leibhéal níos airde.
“Cé go bhfuil go leor acu an-díograiseach agus na coistí an-díograiseach ag tacú leo.”
“Tá easpa infheistíochta sa chóras, rud a fhágann go bhfuil siad ag iarraidh miorúiltí a chur i bhfeidhm ar bheagán acmhainní agus ar bheagán tacaíochta.
“Ní dóigh liom go mbeadh an Stát sásta é sin a dhéanamh le mórán réimsí eile ach tá sé inghlactha, is cosúil, sa Ghaeltacht.”
Mhol sé gur cheart go ndéanfaí forbairt mhór ar an bpleanáil teanga taobh istigh agus lasmuigh den Ghaeltacht. Anuas ar sin, thagair sé do na spriocanna ar fad a bhí caillte maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, an reachtaíocht leasuithe a reachtaíodh i 2021 agus go raibh gá le “cur i bhfeidhm níos éifeachtaí”.
“Dá mbeadh cur i bhfeidhm níos éifeachtaí ar na struchtúir atá againn, measaim go mbeadh rudaí níos fearr ach táimid ag caint ar ‘juggernaut an Bhéarla’, an teanga is cumhachtaí ar domhan, a tharlaíonn bheith in aice linn agus is é sin an dúshlán is mó dúinn.
Dúirt sé gur cheart go leanfaimis orainn ag foghlaim ó chásanna eile, leithéidí an chás sa Bhreatain Bheag agus i dTír na mBascach.
“Tá go leor dúshláin acu ach cím cad atá ar siúl ar an dtalamh, agus tá an pholasaí teanga níos lárnaí in obair an Rialtais.
Níl sí chomh caite amach ar an imeall agus atá anso in Éirinn agus spriocanna níos uaillmhianaí acu chomh maith sa dá thír.
Foilseoidh Cló Iar-Chonnacht “Ar Lámh Shábhála – Coimisiún na Gaeltachta 1926″ níos déanaí san Fhómhair.
Agus Uachtarán na hÉireann Catherine Connolly ag caint le linn an fheachtais toghcháin don Uachtaránacht anuraidh, dúirt sí gur mhaith léi siompósiam agus sraith imeachtaí eile maidir le Coimisiún na Gaeltachta a reachtáil le linn na bliana seo, bliain chomórtha an chéid. Níl aon sonraí fógartha go fóill maidir leis na himeachtaí seo.
Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil
To embed this post, copy the code below on your site