Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.

An account is an optional way to support the work we do. Find out more.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

TÁ COMHAIRLEOIRÍ CONTAE i gCorcaigh yar éis vótáil ar son leasuithe ar phlean forbartha an údaráis áitiúil, coinnioll teanga a chuirfeadh 66% d’fhorbairtí títhíochta i leataobh do chainteoirí laethúla Gaeilge, ag cruinniú spéisíalta Dé hAoine.

Bainfidh an coinníoll teanga seo le gach forbairt tithíochta i gceantair Ghaeltachta i gCorcaigh le dhá theach nó níos mó. Bhí an choinníoll teanga i measc 29 leasú a fuair faomhadh na gcomhairleoirí ar an Aoine agus, seachas dornán nár chaith vóta, bhí tromlach mór ar a son. Leasú eile a fuair an solas glas ná moladh go ndéanfaí ath-zónáil a thalamh a thacódh le suas is 10,000 teach nua.

Ach is ar éigean go mairfidh an coinníoll teanga sin i bhfad mar go dtagann sé salach ar Ráiteas Náisiúnta Pleanála (RNP) do thithíocht sa Ghaeltacht a h-eisíodh i mí an Mheithimh a chiallaíonn go mbeidh laghdú suntasach ar an gcoinnioll teanga nuair a thagann an ráiteas i bhfeidhm.

Ós rud é go bhfuil ceantair Gaeltachta i gcontaethe Chiarraí, na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Thír Chonaill, na Mí agus Phórt Lairge, beidh orthu a chinntiú go mbeidh a bpleananna forbartha a chuir i gcomhréir leis an RNP nuair a fhaigheann sé séala an Aire.

De réir an RNP, beidh líon na dteach a chuirfear ar leataobh do chainteoirí laethúla Gaeilge sna limistéirí pleanála teanga cothrom leis an ceatadán daoine a dúirt sa Dhaonáireamh go labhrann siad Gaeilge gach lá móide 10% sna limistéir sin.

I bhfreagra ar fhiosrú ó The Journal, d’éisigh an Roinn Tithíochta, Oidhreachta agus Rialtas Áitiúil ráiteas ag tabhairt le fios go raibh an 10% breise seo á chur ar leataobh do chainteoirí laethúla Gaeilge “ní h-amháin chun úsáid na Gaeilge go laethúil a chothabháil ach chun cur leis”.

Deirtear sa bhfreagra céanna, áfach, go mbeidh an Ráiteas Náisúnta Pleanála do thithíocht sa Ghaeltacht ag teacht i bhfeidhm le linn an Fhomhair.

I gceantair Ghaeltachta Chorcaí, Múscraí agus Cléire, ciallaíonn sin go laghdófar an coinníoll teanga ó 66% a vótáil comhairleoirí ar a shon Dé hAoine go 33% agus 35% faoi sheach.

D’iarr The Journal ar an Roinn Tithíochta cén mbunús teanga-eolaíoch a raibh leis an gcinneadh an fhoráil maidir leis an bplean teanga a shocrú ar ceatadán lion na gcainteoirí laethúla Gaeilge móide 10% ach níor tugadh aon freagra díreach ar an gceist sin. 

“Maidir le seo, is iarracht é an dréacht RNP go mbeadh cur chuige leanúnach sna h-ocht údarás áitúil ina bhfuil ceantair Gaeltachta ina limistéir riarúcháin, údaráis áitiúla atá cur chuigí éagsúla acu maidir le tithíocht il-aonaid a chuir ar leataobh do chainteoiri Ghaeilge.” dúirt urlabhraí na Roinne.

“Tá cur chuige bunaithe ar fhianaise á úsáid ag an dréacht RNP, cur chuige atá ina scáthán ar charactair theangach ar leith gach Limistéir Pleanála Teanga agus a chuireann 10% sa bhreis ar fáil le cur le ceatadán reatha na gcainteoirí laethúla Gaeilge.”

Dúradh sa bhfreagra ón Roinn Tithíochta gur deineadh an cur chuige seo a fhorbairt i bpáirt leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta agus, chomh maith le sin, go raibh tacaíocht ag forbairt an chur chuige seo ó ghrúpa idir-rannach ar a raibh ionadaithe ón dhá Roinn maraon le hÚdarás na Gaeltachta agus na n-ocht údarás áitiúil le ceantar Gaeltachta.

Tá údarás reachtúl le h-aghaidh ráitis náisiúnta pleanála mar seo san Acht Pleanála a ritheadh i 2024 agus a tháinig i bhfeidhm i mhí Dheireadh Fómhair na bliana seo cáite, deirtear sa ráiteas.

“Tar éis go bhfoilseofar ar an leagan criochnaithe den RNP, beidh dualgas faoi Mír 61 den Acht Phleanála 2024 ar údaráis áitiúla tuarascáil a sheoladh chuig Oifig an Rialtóra Pleanála laistigh de dhá mhí ag tabhairt a mbarúil faoi cé acu an bhfuil a bplean forbartha ag cloí leis an Ráiteas Náisiúnta Pleanála agus, nuair atá sé riachtanach, céimeanna a ghlacadh chun dul i ngleic leis an neamhréireacht.”

Faoin reachtaíocht, tá sé seachtain ag an Údarás Áitiúil an neamh-réireacht a réiteach agus is ar an bpríomh fheidhmeannach a thiteann an dualgas sin rún a dhréachtú le h-aghaidh vóta ag na comhairleoirí chun an phlean a leasú arís le go mbeadh sé ag teacht leis an Ráiteas Náisiúnta Pleanála.

Sa chás go vótálann an Chomhairle i gcoinne an rúin athleasuithe, is féidir leis an Rialtóir Pleanála moladh a dhéanamh go dtí an Aire agus is ag an Aire a bheidh an focal deiridh treoir a thabhairt nó gan treoir a thabhairt don Comhairle maidir leis an bplean forbartha a thabhairt i gcomhréir leis an Ráiteas Náisiúnta Pleanála.

Thug an Roinn Tithíochta soiléiriú freisin ar cé acu an mbeadh comhairliúchán phoiblí maidir leis an Ráiteas Náisiúnta Pleanála do thithíocht sa Ghaeltacht.

Dúradh sa bhfreagra ó urlabhraí na Roinne go mbeadh comhairliúcháin phoiblí maidir le measúnaithe straitéiseacacha timpeallachta agus measúnaithe cuí eile sara ndéanfaí an leagan criochnaithe den RNP a dhearbhú.

Cé go bhfuil foráil sa RNP le h-aghaidh ráiteas tionchar teanga ón bhforbróir maidir leis an tionchar a fhéadfadh bheith forbairt tithíochta bheith ag iompar teanga sa cheantar, níl aon gá measúnú tionchar teanga a dhéanamh a bheadh ar aon chéim go dlithiúil le measúnú tionchar timpeallachta. Níl sé soiléir mar sin cé acu an mbeadh gá le próiseas comhairliúcháin phoiblí maidir leis RNP ar an mbonn sin.

“Beidh feidhm láithreach ag an RNP criochnaithe le h-aghaidh cuspóirí bheartais a chinneadh ag údáráis átitiúla agus An Coimisiún Pleanála, faoi réir ag Cuid 4 d’Acht 2024, chomh fada agus go mbaineann siad le cead a thabhairt d’fhorbairtí agus atá reidh le tosnú i bhFómhar 2026.”

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonlathas Áitiúil

To embed this post, copy the code below on your site