Sign in. It’s quick, free and it’s up to you.

An account is an optional way to support the work we do. Find out more.

(This article is produced by our Gaeltacht team. You can read an English version of this piece here)

IS CUID D’ÁR n-oidhreacht chultúrtha ar leith an bholáil bhóthair agus le go mbeadh seans ag an spórt bheith beo agus fás, is gá go mbeadh cosaint aige dá réir ós na Náisiúin Aontaithe, tá sé ráite ag ard rúnaí Ból Chumann na hÉireann, Séamus Ó Tuama.

Is é an t-aitheantas ós na Náisiúin Aontaithe atá an chumann sa tóir air ná aitheantas ó Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúrtha na Náisiún Aontaithe (United Nations Educational Scientific and Cultural Organisation – UNESCO) mar aon leis an aitheantas atá ag iomáint, ceol ar an gcruit agus ceol ar an bpíob uilinn.

Is spórt é boláil bhóthair a imrítear ar bhóithre poiblí i gContaethe Chorcaí agus Ard Mhacha don gcuid is mó ach atá anois ag leathadh go contaethe eile agus atá á imirt freisin go hidirnáisiúnta.

Bíonn beirt imreoir nó bolálaí in aghaidh a chéile agus an sprioc atá acu liathróid beag iarainn a mheánn 28 únsa a chaitheamh ar chúrsa idir mhíle is dhá mhíle. An buaiteoir is ea an bolálaí a chríochnaíonn an chúrsa sa líon is lú caitheamh. Tá sé cosúil le galf.

Síolraíonn an taifead is luaithe ar bholáil bhóthair ó 1714 i nDoire nuair a chuir an chomhairle cathrach cosc ar imirt an chluiche ar na fallaí cosanta agus tá scéalta freisin gur imir saighdiúirí Éireannacha an cluiche le caora gunnaí móra i gCogadh Cathartha na Stáit Aontaithe.

Ag labhairt le The Journal an tseachtain seo, dúirt Ó Tuama go raibh suim ollmhór sa spórt ar fud na cruinne cé go raibh an Bólchumann, an t-eagras rialála náisiúnta, ar bheagán acmhainní agus ag brath go hiomlán ar dhaoine bheith ag obair go deonach tráth go raibh sé níos deacra am a chur ar leathaobh le haghaidh a leithéid.

“Is é an fhadhb ná go n-amharcann muintir na hÉireann ar bholáil cosúil leis an tslí a amharcann Gaeil Mheiriceánacha ar Éirinn,” dúirt sé.

“Ní fhéachann siad air mar spórt don tsár-aclaíocht agus imreoirí sár-oilte atá ag imirt an chluiche go hidirnáisiúnta agus ag déanamh ionadaíochta ar Éirinn go hidirnáisiúnta.

“Nuair a théann tú taobh amuigh den chroí-cheantar, abair Corcaigh is Port Láirge i gCúige Mumhan, Ard Mhacha, Tír Eoghain agus Múineachán in Ultaibh agus Maigh Eo san Iarthar – agus tá cumann nua is pobal gníomhach bolálaí i gContae an Lú – ní thuigeann daoine na sluaite atá ag freastal ar scóranna [cluichí bolála].”

Is ball de Sport Ireland é an Bólchumann ach, dar leis an Tuamach, níl aon eagras sin iomlán in oiriúint d’eagras ar nós an Bólchumainn.

“Sin an fáth go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh cosaint ag boláil faoi UNESCO — caithfear féachaint air sa chomhthéacs níos leithne le go n-airítear é mar chuid den oidhreacht chultúrtha.”

Tá Ó Tuama den bharúil nach dtugtar go leor measa do shár-imreoirí an chluiche atá sé agus go leor eile chomh paiseanta faoi. Thug sé mar shampla nár deineadh aon tagairt fiú d’éachtaí an bholálaí ban ó Ard Mhacha, Kelly Mallon, atá 12 gcraobh uile-Éireann i ngrád na sinsear buaite aici, agus plé á dhéanamh ag tráchtairí spóirt ar na sármhná spóirt anuraidh.

“Tá ardmheas againn ar leithéidí Rachael Blackmore agus na sármhná eile a luaitear ach bhí a háit tuillte sa chomhrá sin ag Kelly – níl aithne agam ar aon laoch spóirt eile ar domhan atá an oiread craobhacha náisiúnta buaite acu is atá aicise.”

An rud atá ag teastáil anois ón mboláil ná cúram grámhar cineálta, dúirt Ó Tuama.

“Caithfidh próiseas de chineál éigean a bheith ann chun tacú linn – caithfimid go léir bheith ag obair i dtreo na sprice céanna, go dtuigeann daoine gur cuid d’ár n-oidhreacht é an bholáil.

“Ná bíodh aon dul amú ort – tá níos mó beochta sa spórt anois ná mar a bhí le 30 nó 40 bliain. Tá níos mó daoine á imirt, tá níos mó comórtais, tá níos mó daoine gníomhach ann – is é sin an rud a mheallann na hoibrithe deonacha; teastaíonn uathu oiliúint a chur ar na páistí, teastaíonn uathu na comórtais a eagrú.

“Cuid de na rudaí ar bhain spóirt eile leas astu, bhí orainn déanamh sinn féin, bhí orainn teacht chun tosaigh agus forbairt a dhéanamh agus is maith sin – cuireann sé lenár n-aisléimeacht agus ár neamhspleáchas agus mar sin.

“Ach ní mór dúinn bheith ag smaoineamh ar an bhfadtéarma, seachas ar an aimsir láithreach amháin, ar an nglúin atá le teacht agus an ghlúin ina dhiaidh sin arís, agus cá bhfuilimid ag dul leis an oidhreacht chultúrtha is spóirt ar leith seo – conas is féidir linn é a chosaint do na glúinte atá le teacht.”

Tá tacaíocht faighte ag an achainí seo ó Theachta Dála Fhine Gael i gCorcaigh Thiar Thuaidh, John Paul O’Shea, agus tá seisean ag iarraidh an cheist a thógáil leis an Aire Spóirt, Patrick O’Donovan.

“Is cuid mhór agus thábhachtach d’ár n-oidhreacht bheo é an bholáil bhóthair, go háirithe anseo i gCorcaigh agus ar fud go leor pobail tuaithe — is traidisiún é atá tugtha ó ghlúin go glúin agus tugann sé pobail le chéile go dtí an lá inniu,” dúirt sé.

“Chonaic mé féin chomh láidir is atá an traidisiún agus an paisean don bholáil bhóthair inár bpobail,” dúirt sé agus é ag tagairt do na craobhacha uile-Éireann a reáchtáladh i mBaile na Groi agus i mBaile an Chaisleáin le déanaí.

Thóg sé ceist faoi seo sa Dáil le déanaí agus sa fhreagra scríofa a fuair sé tugadh léargas dó ar an bpróiseas le bheith luaite ar liosta oidhreacht chultúrtha UNESCO na hÉireann.

“Glacann an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt le hiarratais ó lucht cleachtais ar mhaith leo go gcuirfí an cleachtas sin leis an liosta náisiúnta,” dúradh.

“Déanann Coiste Comhairleach Saineolach measúnú ar gach iarratas agus seolann siad moltaí chuig an Aire.”

Tugadh le fios go raibh 42 cleachtas ó ar fud na tíre ar an liosta seo in Éirinn.

Dúirt Ó Tuama go raibh sé i gceist ag an gCumann tús a chur leis an bpróiseas anois go mbeadh boláil bhóthair ina measc.

Tá tacaíocht á fháil ag Beartas Gaeltachta The Journal ón Scéim Tuairiscithe ar Dhaonláthas Áitiúil

To embed this post, copy the code below on your site